Siansa

Théis bheith cloisteáil ceoil sa ngaoth
Roimhe, ní raibh ann ach ciúnas
Rosc im cheann le linn na hoíche
'S gach aon phíos' dhon tíúin ar eolas

Téad an tsaoil mór thimpeall orm
Tháinig tú 's scaoil tú saor mé
Mé canadh liom gan éinne ann
Ní féidir liom an chiall a léiriú

'S tá d'amhrán ar siúl aríst
'S mé ag damhsa liom le do chuisle croí
'S gan tú ann níl ach lár 's críoch
An dtosófá liom ón tús?

Tá mé g'iarraidh bheith mar chuid den si-an-sa
Coinnigh mé go docht gan scaoileadh liom
Siansa
Ar nós armóin dheas i lár amhráin
Coinnigh mé go docht gan éalú uaim

An é go bhfuil mé iomarcach?
Nuair bhíonn tú ann airím an feabhsú
D'éalaigh uaim an t-ádh an uair seo
Níor bhrath mé riamh go bhfeicfinn 'ríst thú

Théís bheith cloisteáil ceoil sa ngaoth
Roimhe, ní raibh ann ach ciúnas
Rosc im cheann le linn na hoíche
's gach aon phíos' dhon tiúin ar eolas

'S tá d'amhrán ar siúl aríst
'S mé ag damhsa liom le do chuisle croí
'S gan tú ann níl ach lar 's críoch
An dtosófá liom ón tús?

Tá mé g'iarraidh bheith mar chuid den si-an-sa
Coinnigh mé go docht gan scaoileadh liom
Siansa
Ar nós armóin dheas i lár amhráin
Siansa
Coinnigh mé go docht gan éalú uaim
Siansa
Ar nós armóin dheas i lár amhráin
Coinnigh mé go docht gan éalú uaim



Credits
Lyrics powered by www.musixmatch.com

Link