An Eachtra Tosaigh

An Eachtra Tosaigh
Bhí slabhra ann, bhí slabhra ann
Agus nasc eachtraí san aer
Is, ag an tús, ba leor an ghreann
Gan bheith ró-chiallmhar fé
Bhí eochair ann, eochair is glas
Ach cá raibh siad níor léir dúinn
Nár chaol an seans dúinn briseadh amach
Nó fiú fiosrú arb h fhiú é?
Nascadh sinn san eachtra tosaigh
'Bhfuil ciall leis sin? N'fheadar
Ach muna bhfuil ann ach ciall folaigh
Braithim fós nasc éigin eadrainn
Bhí athrú ann, bhí athrú ann
Nach bhfeicfeadh éinne eile
Na srianta againn á gcoinneáil teann
Is an fána ag éirí rite



Credits
Writer(s): Rhob Cunningham
Lyrics powered by www.musixmatch.com

Link