An Cailín Deas Rua (Amhrán) [feat. Steve Cooney]
In aisling dom féin aréir im' leabaigh trína shuan
Go rabhasa 'dul a' pósadh lem' stór chroí go hinntineach suairc
Do bhí rince 'gus ceol go leor dá spreagadh lem' chluais
Is céad ginní óir dom' chóir lem' chailín deas rua
'S é Tiobraid Árainn a d'fhágas ar maidin Dé Luain
'S níor stadas don stáir sin nó go dtána an Daingean ar cuairt
Cé a gheobhainn ar cheann cláir ach mo ghrá is í ag imirt ar scuaibh
Is ar iompú an bhá bhí an cinneá ag an gcailín deas rua
Siúd ort a Sheáin is ní fhágfam an baile go Luan
Mar go bhfuil mo chroí cráite is níl fáil agam ar toddy ná a luach
'S gurb é a deir na mná liom gurbh fhearr leo mé marbh san uaibh
Muna dtréigfeadsa an clár, an cháirt is an cailín deas rua
Ní thréigfeadsa an clár, an cháirt ná an cnagaire cruaidh
Ní thréigfead ná Máire, an bhean mhánla is í ainnir na gcuach
Mar ar aonach An Chláir thugas grá agus taitneamh dá grua
Ó a rún searc mo chléibh, ná tréig mé mar gheall ar na buaibh
Is léan ar na buaibh mar is buartha a fhágann siad mná
Bíonn braon ar a mbruach ó Luan go dtí maidin Dé Máirt
Lem' chailín ciúin stuama nár dhual riamh di imeacht chun fáin
Agus leibidí luatha 'fáill buacas is gradam gach áit
Do chonacsa inné í in éadach siopa 'bhfad uaim
Ba bhreáithe í ná Véineas an spéirbhean, is í ainnir na gcuach
Níl aon gheallúint sa tsaol ón spéir go dtí an dtalamh anuas
Ná gur thug sí dhom féin 's tar éis sin d'imigh sí uaim
Níl aon tslat ins an choill
Nach bhfuil snaidhm ar a bhun nó ar a bharr
Níl aon bhreac ins an linn nach n-éiríonn chun barr uisce ag snámh
Níl aon tsagart sa ríocht nach n-éiríonn chun aifreann a rá
Ach ó d'imigh sí uaimsa, ní mór ná go mothaím an lá

Credits
Writer(s): Peadar O'riada
Lyrics powered by www.musixmatch.com
Link
Other Album Tracks
- Tom Mhic / Poll faoi Chnoc / Ceo Mara (Polcaí) [feat. Steve Cooney]
- Gleann Beag Lách an Cheoil (Amhrán) [feat. Steve Cooney]
- John Brosnan / Cead Suí do Mhag Uidhir (Cornphiopaí) [feat. Steve Cooney]
- Cois Laoi na Sreach (Amhrán)
- Crotach Glórach / Ríl Dhoire (Ríleanna) [feat. Steve Cooney]
- An Cailín as Parenzo / Ag dul ar Aifreann Dé Domhnaigh (Válsaí)
- An Saighdiúirín Singil (Amhrán) [feat. Steve Cooney]
- An tAth Pat Ahern / Dálaigh / Is líir dom Intinn Cheataí (Sleamhnáin) [feat. Steve Cooney]
- Róisín Dubh (Amhrán)
- An Díbeartach ó Éirinn (Fonn Mall) [feat. Steve Cooney]
© 2024 All rights reserved. Rockol.com S.r.l. Website image policy
Rockol
- Rockol only uses images and photos made available for promotional purposes (“for press use”) by record companies, artist managements and p.r. agencies.
- Said images are used to exert a right to report and a finality of the criticism, in a degraded mode compliant to copyright laws, and exclusively inclosed in our own informative content.
- Only non-exclusive images addressed to newspaper use and, in general, copyright-free are accepted.
- Live photos are published when licensed by photographers whose copyright is quoted.
- Rockol is available to pay the right holder a fair fee should a published image’s author be unknown at the time of publishing.
Feedback
Please immediately report the presence of images possibly not compliant with the above cases so as to quickly verify an improper use: where confirmed, we would immediately proceed to their removal.