Leath Bhróigín

Cén choisín leis a mbaineann tú
A Leath Bhróigín an tsáile?
Cén pháistín beag atá ag caoineadh
Ó sheol tú uaidh anonn?
Aithris domsa scéalta, faoi do thuras thar na farraigí
Beidh bís orm éisteacht, ní bheidh eadrainn sa
Aon rúin

Snáimh, Snáimh a Bhróigín fáin
Faoi réalta Dhé le maidhmeanna
Agus gealach lán
Snáimh, Snáimh a Bhróigín fáin
Ó chuan go cuan, isteach go buan
Chuig talamh slán

An mbíonn an ghrian go hard sna spéartha
Sna tíortha ar as a dtáinig tú?
An mbíonn feamainn buí sna cladaí?
An mbíonn páistí ar an trá?
An mbíonn na daoine i gcónaí sásta?
Lán mheidhir agus iad meallta
Ag ceol sí na mara móire, atá ag tuille agus ag trá

Snáimh, Snáimh a Bhróigín fáin
Faoi réalta Dhé le maidhmeanna
Agus gealach lán
Snáimh, Snáimh a Bhróigín fáin
Ó chuan go cuan, isteach go buan
Chuig talamh slán

An bhfaca tú múr iontaisí agus tú ag treabhadh na dtonnta anonn
I do mhíoltóigín ag snámh trasna na teiscinne?
Atlantis, an t-oileán sí, taibhsí meabhrach sean loingseoirí
Nár mhian leo ar iamh ach puth gaoithe
Sna seolta scaoilte le scóid

Snáimh, Snáimh a Bhróigín fáin
Faoi réalta Dhé le maidhmeanna
Agus gealach lán
Snáimh, Snáimh a Bhróigín fáin
Ó chuan go cuan, isteach go buan
Chuig talamh slán

Ó chuan go cuan, isteach go buan
Chuig talamh slán



Credits
Writer(s): Seán ó Coisdealbha
Lyrics powered by www.musixmatch.com

Link