Shíl Mé Féin

Shíl mé féin a' luí domh 'réir
Go raibh mé slán 's nearbh eagal dom
Sínte síos le cúl buí craobh
Sí grá mo chroí agus m'anam í
Bhí m'aghaidh lena haghaidh 's mo thaobh lena taobh
'S no lámh mar fhéirín trasna uirthi
Ach le bánú 'n lae ba truaigh mo scéal
Mo luí 'mo chréatúr dhona bhocht

Nuair a bhí mise óg is beag go leor
'Sea bhain mé fúm sna bealaí seo
'S 'ach casán réidh ar shiúil mé léi
Gur ghoin go géar an arraing mé
A' pógadh a béil mar bhláth sú craobh
'S é bhí gach duine a bhfaca í
'S ar a' haonu lá déag ba truaigh mo scéal
'S go hAaontroim siar a cuireadh mé

Ach dá mbeinnse thíos, ach níl faraoir
Insa' tír a rugadh mé
Beadh uaisle a' craoi mo bhás go fíor
Is mo mhuintir féin ag aithrí liom
'S a Mháithrín Dhílis Mhilis Mhín
'S Ardrí Naofa a d'fhulaing mé
'S go bfhuil a' bás go fíor a' gabháil mo chloí
Is tigh Eoghain Uí Fhrighil nach mbíonn mo chorp

Dá mbeadh teachtaire críonna rachadh síos
'S a thiocfadh aníos an aicearra
'S a dhéanfadh scíste 'mBealach Gaoithe
'Gus bhéarfainn féin luach aistir dó
Sa thiocfadh 'ríst aníos a' tslí
'S a d'inseodh nach mairfinnse
Ach cóirigh an tigh 'steach faoi mo thaoibh
S í anocht an oíche dheireanach



Credits
Writer(s): Patrick Maun
Lyrics powered by www.musixmatch.com

Link