Brúite

A' comhaireamh laethanta ó gur éalaigh mo ghrá geal uaimse
'S chuile anál atá tógtha a'am ó shin curtha amú domsa

Lán le dóchas le go dtiocfaidh tú ar ais nuair atá suaimhneas ort
Mar chuile fhocal ó do bhéal gan chiall
'S cuireann sé amú muid beirt

Tá tú fós, tá tú fós lem' thaobh as seo ar aghaidh
'Súil a'am nach tú a fuair na brúanna fágtha ag do dhaighear
Ó a stóir, ó a stóir airím tú ó mo thaobh

Mo chroí sáite ag goil i bfhad uaim
Is imíonn focail ó mo bheola
Ach dá mbeadh tú i mo lámha
Chuideodh tú liom gan imeacht faoi thonn

Bhí sé geal, bhí sé geal agus ár ngrá ag forbairt go seasta
Ach mhúch an solas sul i bfhad
's fágadh muid le scáth an t-am bhí thart

Tá tú fós, tá tú fós le mo thaobh as seo ar aghaidh
'Súil a'am nach tú a fuair na brúanna fágtha ag do dhaighear
Ó a stóir, ó a stóir airím tú ó mo thaobh

Mo chroí sáite ag goil i bfhad uaim
Mar imíonn focail ó mo bheola
Is dá mbeadh tú i mo lámha
Chuideodh tú liom gan imeacht faoi thoinn

Is do ghrá 'tá uaimse
Do ghrá 'tá uaimse
Do ghrá 'tá uaimse
Is tuirse orm mar níl sé éasca
Do ghrá 'tá uaimse
Do ghrá 'tá uaimse
Do ghrá 'tá uaimse
Cé gur cuma leatsa faoi mo rogha
Cé gur cuma leatsa faoi mo rogha

Mo chroí sáite ag gul i bfhad uaim
Is imíonn focail ó mo bheola
Ach dá mbeadh tú i mo lámha
Chuideodh tú liom gan imeacht faoi thonn

Mo chroí sáite ag gul i bfhad uaim
Is imíonn focail ó mo bheola
Ach dá mbeadh tú i mo lámha
Chuideodh tú liom gan imeacht faoi thonn



Credits
Lyrics powered by www.musixmatch.com

Link